More titles to consider

Shopping Cart

itemsitem

Synopsis

Priompallán a thug Seathrún Céitinn ar na staraithe frith-Ghaelacha, feithidí ar fearr leo a bheith ag únfairt sa bhualtrach ná aird a thabhairt ar na blátha áille os a cionn. Ta siad ann fós i measc lucht staire ar tábhachtaí leo béim síos a thabhairt do náisiúnachas na hÉireann ná scéal na tíre a insint go cothrom, agus ta 1916 mar sprioc mhór acu.

Tugtar a ndúshlán anseo. Áitíonn an t-údar go bhfuil feidhm leis an náisiúnachas i gcónaí, agus déanann sé mionanailís ar ionsaithe na staraithe ar an Éirí Amach. Is cruinn cúramach an saothar é, ach ní spáráiltear clú na n-athscríobhaithe.

Staraí, file ahus foilsitheoir is ea Pádraig Ó Snodaigh. Chaith sé tamall fada mar leaschoimeádaí in Árd-Mhúsaem na hÉireann, agus i measc a chuid scríbhínni tá Comhghuailithe na Réabhlóide 1913-1916, saothar ceannródaíoch ar chúlra an éirí amach.

 

Seo an ceathrú haiste sa tsraith MACALLAÍ NA CÁSCA,  a dhéanfaidh comórah ar éirí amach na Cásca trí léargais don lá inniú agus feasta a bhaint as. 

You can read this item using any of the following Kobo apps and devices:

  • DESKTOP
  • eREADERS
  • TABLETS
  • IOS
  • ANDROID
  • BLACKBERRY
  • WINDOWS